Academia.eduAcademia.edu

Rol an Raidio i gcruthu pobail

Abstract

Dé réir teoiricí Anderson agus Habermas, s’éard atá ann sa náisiún nua-aimseartha ná rud teibí a bhaineann le cadhdeánú teanga, spás poiblí fíorúil, comóntacht samhalta, agus naisc meicniúil idir saoránaigh, rud a tógfar anuas as an spéir. Ach tá bealaí eile chun pobail a cruthú a thagann ó na fréamhacha aníos le haghaidh pobal agus polaitíocht “imeanach” (immanent) a chruthú agus a chothú. Feiceann muid anois na gluaiseachtaí “Occupy”, tionól na ndaoine san Afraic Thuadh, sa Spáinn agus áiteanna eile a thagann daoine le chéile in áit poiblí le plé oscailte a dhéanamh agus a bhfriotal féin a chruthú, chomh maith le úsáid nua a bhaint as na meáin chumarsáide. B'fhéidir mar gheall ar a fhréamhacha i nGluaiseacht Cearta Sibhialta na Gaeltachta tá struchtúr, samhlaíocht agus cumhacht ar leith ag Raidió na Gaeltachta a sheasann amach thar meáin eile na tíre seo.