Academia.eduAcademia.edu

Staid reatha na foclóireachta do Ghaeilge Mhanann

Caithfear súil sa pháipéar seo ar na foclóirí atá ar fáil do chainteoirí agus d'fhoghlaimeoirí Ghaeilge Mhanann, ar an gcaoi ar tháinig ann dóibh, a gcuid buntáistí agus laigí, agus féidearthachtaí d'fhorbairt na foclóireachta don teanga amach anseo. Ós rud é nach maireann Gaeilge Mhanann mar theanga dhúchais phobail a thuilleadh, is maith an rud é gur chuir cainteoirí dúchais, John Kelly (1750-1809) agus Archibald Cregeen (1774-1841), dhá fhoclóir téagartha Gaeilge-Béarla le chéile san ochtú agus san naoú haois déag ina bhfuil a lán focal ar marthain a bheadh caillte murach iad. San fhichiú haois foilsíodh dhá fhoclóir Béarla-Gaeilge i gcomhthéacs na hathbheochana, English-Manx Pronouncing Dictionary le J. J. Kneen (1938) agus English-Manx Dictionary Douglas Fargher (1979), chomh maith le Manx-English Dictionary Phil Kelly (1991) atá bunaithe ar shaothar Fargher. Is díol suntais nár foilsíodh aon fhoclóir nua ón am sin, cé go bhfuil leaganacha digiteacha inchuardaithe den chuid is mó de na foclóirí thuasluaite anois ar fáil, chomh maith le corpas téacsanna suntasach (corpus.gaelg.im) a choinnítear ar bhonn deonach agus a bhfuil sé mar aidhm aige go fadtéarmach a bheith mar bhunús foclóir stairiúil. Bheadh sé féaráilte a rá gur leagtaí níos mó béime ar chúrsaí 'praiticiúla' ó na 1980idí i leith, mar shampla ar naíonraí agus tumoideachas a bhunú, seachas ar an bpleanáil chorpais. Tá an chuma ar an scéal, áfach, go bhfuil tuiscint ag fás go bhfuil acmhainní teanga nua de dhíth agus tábhacht ag baint leo maidir le rath an phobail teanga amach anseo. Páipéar curtha i láthair ag 'An Béal Beo: Foclóireacht agus Frásaíocht na Gaeilge', Coláiste na hOllscoile Corcaigh, 24-25 Samhain 2023