Death Note
Cuma
Is sraith manga agus anime ón tSeapáin forbartha ag Tsugumi Ōba agus Takeshi Obata é Death Note (Seapáinis: デスノート, Desu nōto). Foilsíodh é idir 1 Eanáir 2003 agus 15 Bealtaine 2006 in deich n-imleabhar.
Leanann sé scéal Light Yagami (Yagami Raito), mac léinn ardscoile a aimsíonn leabhar nótaí osnádúrtha a bhaineann le shinigami (dia an bháis i mbéaloideas na Seapáine), leabhar a chuireann ar chumas an duine atá ina sheilbh aon duine a bhfuil a ainm scríofa ann a mharú. Déanann Light ansin iarracht útóipe saor ó choiriúlacht a chruthú ina rialódh sé féin mar dhia. Déanann foireann rúnda de chuid na bpóilíní iarracht stad a chur leis.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol faoi leabhar nó litríocht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |