An Vaileinse
| Suíomh | ||||
|---|---|---|---|---|
| Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Is í Valencia (An Vaileinse as Gaeilge; Vaileinsis: València) príomhchathair Chomhphobal Valencia agus lárionad Cúige Valencia. Suite ar chósta na Meánmhara in oirthear na Spáinne, is í an tríú cathair is mó sa tír í, i ndiaidh Maidrid agus Barcelona. Bhí thart ar 840,000 duine ina gcónaí inti in 2025.[1]
Labhraíonn cuid mhór de mhuintir na cathrach agus an chúige (go háirithe ar an gcósta) Vaileinsis, a rangaítear mar chanúint den Catalóinis. Tá stair fhada ag Valencia mar chalafort tráchtála, agus tá clú idirnáisiúnta uirthi inniu as a hailtireacht nua-aoiseach, as an bhféile Les Falles agus as a bheith ina háit dhúchais don paella.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhunaigh na Rómhánaigh an chathair sa bhliain 138 RCh faoin ainm Valentia Edetanorum. Tagann ainm na cathrach ón Laidin valentia, a chiallaíonn "neart" nó "cróga".
I rith ré Al-Andalus, bhí an chathair faoi smacht Moslamach agus tugadh Balansiyya uirthi as Araibis. Sa bhliain 1094 ghabh an tiarna cogaidh Rodrigo Díaz de Vivar, ar a dtugtar El Cid, an chathair, ach thit sí ar ais faoi smacht na nAlmorávach go gairid ina dhiaidh sin. Sa bhliain 1238 ghabh Séamas I (Jaume I) Aragóin an chathair, agus bunaíodh Ríocht Valencia.
Bhí ré órga faoin gcathair sa 15ú haois, nuair a bhí sí ar cheann de na hionaid tráchtála ba thábhachtaí sa Mheánmhuir. Is ón tréimhse sin an Llotja de la Seda (Malartán an tSíoda), foirgneamh Gotach atá ar liosta Oidhreacht Dhomhanda UNESCO anois.
Ó 2015 go 2023 ba é Joan Ribó i Canut méara na cathrach, ar son an pháirtí pholaitiúil Compromís. Ó mhí na Bealtaine 2023 i leith, is í María José Catalá (Páirtí an Phobail, PP) méara Valencia.[2]
Aeráid
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá aeráid na Meánmhara ann, le samhradh tirim te agus geimhreadh séimh.
Maraíodh breis is 220 duine — thart ar 224 sa réigiún de réir na bhfigiúirí deiridh — de bharr tuilte tobanna (DANA) a bhuail oirthear na Spáinne ar an 29 Deireadh Fómhair 2024, go háirithe réigiún València.[3][4] Thit an bháisteach chomh trom le 500 milliméadar (50 cm) in áiteanna laistigh de chúpla uair an chloig; taifeadadh 185 mm in aon uair amháin sa bhaile Turís, taifead nua don Spáinn.[5] Rinneadh an-díobháil do mhaoin agus do bhonneagar an réigiúin freisin.[6]
Geilleagar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá geilleagar Valencia bunaithe go mór ar an gcalafort, ar an tráchtáil, ar an talmhaíocht agus ar an turasóireacht.
Calafort Valencia
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é Calafort Valencia (Valenciaport) an calafort coimeádán is gnóthaí sa Mheánmhuir, a láimhseálann breis is 5 mhilliún TEU (aonad coibhéiseach fiche troigh) sa bhliain, agus tá sé ar cheann de na calafoirt is mó san Eoraip.[7]
Talmhaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá clú ar an réigiún timpeall na cathrach as oráistí a fhás. Is as gort ríse na hAlbufera, díreach ó dheas den chathair, a thagann cuid den rís a úsáidtear sa paella.
Iompar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cuireann Ferrocarrils de la Generalitat Valenciana (FGV) iompar poiblí ar fáil, mar shampla an Metro Vaileinseach agus seirbhísí traenacha. Tá na busanna faoi stiúir an EMT laistigh den chathair. Freastalaíonn Aerfort Valencia (Manises) ar an gcathair, agus tá seirbhís traenach ardluais (AVE) ann a nascann Valencia le Maidrid.
Oideachas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ollscoil Valencia
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bunaíodh Ollscoil Valencia (Universitat de València) sa bhliain 1499 mar Estudi General, rud a fhágann gur ceann de na hollscoileanna is sine sa Spáinn í. Dhírigh sí ar an leigheas, ar na daonnachtaí, ar an diagacht agus ar an dlí ar dtús, agus is ollscoil nua-aoiseach le breis is 45,000 mac léinn í inniu.[8] Tá ollscoil mhór eile sa chathair freisin, an Universitat Politècnica de València.
Turasóireacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is ionad tábhachtach turasóireachta í Valencia. I measc na n-áiteanna is mó a dtugann cuairteoirí orthu tá:
- Cathair na nEalaíon agus na nEolaíochtaí (Ciutat de les Arts i les Ciències), coimpléasc nua-aoiseach ailtireachta a dhear Santiago Calatrava;
- Ardeaglais Valencia, a maítear go bhfuil an Soitheach Naofa (an Grail) ar coimeád inti;
- Túr Serranos agus Túr Quart, iarsmaí de bhallaí meánaoiseacha na cathrach;
- tránna na Malvarrosa agus páirc nádúrtha na hAlbufera.
Cultúr
[cuir in eagar | athraigh foinse]Féile Les Falles
[cuir in eagar | athraigh foinse]Idir an 15ú agus an 19ú de mhí Márta gach bliain, tarlaíonn féile ollmhór idirnáisiúnta darb ainm Les Falles (Vaileinsis), ina ndóitear dealbha móra páipéir agus adhmaid ar fud na cathrach. Tá an fhéile ar liosta Oidhreacht Chultúrtha Dholáimhsithe na Daonnachta de chuid UNESCO.
Bia
[cuir in eagar | athraigh foinse]Meastar gurb í an Vaileinse áit dhúchais na paella, ceann de na miasa is cáiliúla sa Spáinn. Tá deoch thraidisiúnta darb ainm orxata (horchata), déanta as chufa, coitianta sa chathair freisin.
Naisc le hÉirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cé nach bhfuil aon bhaint stairiúil idir an dá áit, tá cosúlacht idir ainm na cathrach agus ainm Oileán Dairbhre (Valentia / Valencia Island) amach ó chósta Chiarraí, Béarlú ar an nGaeilge is bunús leis an ainm sin, áfach, seachas aon cheangal leis an gcathair Spáinneach.[9]
Tá pobal beoga Éireannach sa chathair sa lá atá inniu ann, agus tá Cumann Cultúrtha Éireannach Valencia (VICA) ann a chothaíonn ceol, teanga agus traidisiúin na hÉireann.[10] Nuair a bhuail na tuilte tubaisteacha an réigiún i nDeireadh Fómhair 2024, chuir Éireannaigh a bhí ina gcónaí i Valencia, ina measc daoine ó Phort Láirge, ó Rann na Feirste agus ó Leitir Ceanainn, feachtais bhailiúcháin airgid ar bun chun cuidiú leis na híospartaigh.[11][12]
- An Ardeaglais
- Basílica dels Desamparats
- Plaça de l'Ajuntament (Cearnóg Halla na Cathrach)
- Llotja de la Seda (Margadh an tSíoda)
- Ollscoil na Vaileinse
- Ciutat de les Arts i les Ciències (Cathair na nEalaíon agus na nEolaíochtaí)
- Túr Serranos
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Cifras oficiales de población de los municipios españoles" (es). Instituto Nacional de Estadística. Dáta rochtana: 2025-01-01.
- ↑ "List of mayors of Valencia" (en). Wikipedia. Dáta rochtana: 2026-07-22.
- ↑ "Actualización de datos del Gobierno de España" (es). www.lamoncloa.gob.es. Dáta rochtana: 2024-11-21.
- ↑ An Páipéar / Domhnall Mac Concharraige (2024-11-09). "Breis is 250 duine marbh in Oirdheisceart na Spáinne – Míshástacht léirithe leis an Rí agus leis an bPríomh-Aire" (ga-IE). web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-11-09. Dáta rochtana: 2024-11-10.
- ↑ RnaG (2024-11-01). "Sara Judge: Bean as Port Láirge atá lonnaithe i Valencia" (ga-IE). RTÉ Raidió. Dáta rochtana: 2024-11-09.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-10-30). "Os cionn 70 duine maraithe de bharr tuilte in oirthear na Spáinne" (as ga-IE).
- ↑ "The Port" (en). Valenciaport. Dáta rochtana: 2026-07-22.
- ↑ "University of Valencia" (en). Wikipedia. Dáta rochtana: 2026-07-22.
- ↑ "'The Other Valencia' (An Irish–Spanish Connection)" (en). 24/7 Valencia. Dáta rochtana: 2026-07-22.
- ↑ "VICA – Valencia Irish Cultural Association" (en). Dáta rochtana: 2026-07-22.
- ↑ RnaG (6 Samhain 2024). "Colm Mac Grianna as Rann na Feirste ach a bhfuil cónaí air i Valencia" (as ga-IE).
- ↑ RnaG / Caoimhín Mac Lochlainn as Leitir Ceanainn (8 Samhain 2024). "Tá Caoimhín agus a chairde atá ag cur fúthu ansin i Valencia ag cuidiú leo sin atá buailte ag na tuilte" (ga-IE). RTÉ Raidió. Dáta rochtana: 2024-11-09.