2025
Cuma
| Sampla de | bliain féilire agus common year starting and ending on Wednesday (en) |
|---|---|
| Féilirí eile | |
| féilire Ghréagóra | 2025 (mmxxv) |
| Ioslamach | 1447 – 1448 |
| Síneach | 4721 – 4722 |
| Eabhrach | 5785 – 5786 |
| Hiondúch | 2080 – 2081 (Vikram Samvat) 1947 – 1948 (Shaka Samvat) 5126 – 5127 (Kali Yuga) |
| Peirseach | 1403 – 1404 |
| Airméanach | 1474 |
| Rúnach | 2275 |
| Ab urbe condita | 2778 |
| Catagóirí | |
| Breitheanna Básanna Teilifís Scannáin Spóirt | |
| Aois | |
| 20ú haois - 21ú haois - 22ú haois | |
| Deich mbliana | |
| 1990í 2000í 2010í - 2020í - 2030í 2040í 2050í | |
| Bliain | |
| 2022 2023 2024 - 2025 - 2026 2027 2028
| |
| | |
Is bliain choitianta í an bhliain 2025 (MMXXV).

Cúrsaí reatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nollaig
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 22 Nollaig — Cheap Donald Trump Gobharnóir Louisiana, Jeff Landry, ina "thoscaire" speisialta chuig an nGraonlainn, gníomh imeaglaithe; cháin rialtas na Danmhairge an cinneadh (caidreamh na Stát Aontaithe leis an nGraonlainn).
- 14 Nollaig — Lámhach Thrá Bondi in Sydney: mharaigh beirt ghunnadóirí 15 duine ag ceiliúradh Hanukkah ar an trá.
- 10 Nollaig — Tháinig cosc ar na meáin shóisialta do dhaoine faoi 16 bliana d'aois i bhfeidhm san Astráil.
- 9 Nollaig — Foilsíodh tuarascáil dheiridh Oibríocht Kenova.[2][3] De réir na tuarascála, bhí faisnéis ag an CRU agus ag Arm na Breataine faoi chuid díobh siúd a bhí páirteach in ionsaithe buamála Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin, 1974,[4] ach níor tugadh aon duine os comhair na cúirte riamh.
- 1 Nollaig — Rinneadh iarracht Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelensky, a imeaglú nó a mharú os cionn Chuan Bhaile Átha Cliath, is cosúil: chonacthas dróin anaithnide in oirthuaisceart Bhaile Átha Cliath agus a eitleán ag tuirlingt in Aerfort Bhaile Átha Cliath.
Básanna:
- 28 Nollaig — Brigitte Bardot, ban-aisteoir agus amhránaí Francach
- 24 Nollaig — Seán Mac Mathúna, scríbhneoir
- 6 Nollaig — Paddy Cooney, polaiteoir (Fine Gael)
- 5 Nollaig — Frank Gehry, ailtire
Samhain
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 22 Samhain — Gabhadh Jair Bolsonaro, iaruachtarán na Brasaíle a bhí ciontaithe cheana, tar éis dó iarracht a dhéanamh an bráisléad slándála ar a rúitín a bhriseadh.
- 22 Samhain — Tháinig COP30 chun críche in Belém na Brasaíle le comhréiteach, tar éis don chomhdháil dul thar am.
- 20 Samhain — Tugadh Sandra Barry as Leamhcán os comhair Chúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath, agus í cúisithe i mbagairt a dhéanamh ar Simon Harris agus ar a theaghlach.[5][6]
- 19 Samhain — Rialaigh Cúirt Uachtarach na Ríochta Aontaithe go raibh an teagasc Críostaí i scoil i dTuaisceart Éireann ag teacht salach ar chearta an duine.
- 19 Samhain — Tháinig plean síochána 28 pointe de chuid rialtas Trump chun solais; d'éiligh Trump go ngéillfeadh an Úcráin láithreach (cainteanna síochána).
- 18 Samhain — D'éirigh Paschal Donohoe as mar Aire Airgeadais chun post sinsearach a ghlacadh sa Bhanc Domhanda; ceapadh Simon Harris ina áit.
- 16 Samhain — Bhuaigh foireann sacair na hÉireann, faoi stiúir Heimir Hallgrímsson, 3–2 ar an Ungáir i mBúdaipeist, agus chríochnaigh siad sa dara háit i nGrúpa F de chluichí cáilithe Chorn an Domhain 2026.
- 11 Samhain — Insealbhaíodh Catherine Connolly ina deichiú hUachtarán ar Éirinn i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.[7][8]
- 9 Samhain — Sheol Donald Trump litir chuig an BBC ag gearán faoin eagarthóireacht a rinneadh ar chuid d'óráid dá chuid ó 2021 a craoladh ar an gclár Panorama in 2024, agus bhagair sé an dlí air.[9][10]
- 8 Samhain — Bhris Caitríona Jennings an churiarracht dhomhanda sa rás 100 míle in Illinois: 12 uair agus 37 nóiméad.[11]
- 6 Samhain — Tugadh beirt fhear os comhair Chúirt Dúiche Dhroichead Átha, agus iad cúisithe as ionad d'iarratasóirí ar thearmann idirnáisiúnta a chur trí thine Oíche Shamhna.
Básanna:
- 29 Samhain — Tom Stoppard, drámadóir
- 24 Samhain — Jimmy Cliff, ceoltóir Iamácach
- 23 Samhain — Margaretta D’Arcy, scríbhneoir agus gníomhaí síochána
- 21 Samhain — Seoirse Ó Dochartaigh, ceoltóir agus scríbhneoir
- 13 Samhain — Gordon McCoy, múinteoir Gaeilge agus scríbhneoir
- 6 Samhain — James Watson, bitheolaí
- 3 Samhain — Dick Cheney, Leas-Uachtarán na Stát Aontaithe 2001–2009
- 3 Samhain — An tSiúr Stanislaus Kennedy, gníomhaí ar son lucht gan dídean
Deireadh Fómhair
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 30 Deireadh Fómhair — Baineadh a theidil ríoga den Phrionsa Andrew; tugadh Andrew Mountbatten-Windsor air ina dhiaidh sin.[12]
- 28 Deireadh Fómhair — Ceapadh Pól Deeds ina chéad Choimisinéir Gaeilge i dTuaisceart Éireann.
- 28 Deireadh Fómhair — Rinne Spéirling Melissa scrios millteanach ar Iamáice.
- 21 Deireadh Fómhair — Toghadh Sanae Takaichi ina príomhaire ar an tSeapáin, an chéad bhean sa phost.
- 20 Deireadh Fómhair — Chlis Amazon Web Services; bhí na céadta suíomh gréasáin agus aip as líne.
- 14 Deireadh Fómhair — Dúirt an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil go raibh caighdeán an uisce i leath na n-aibhneacha agus na lochanna in Éirinn ag meath i gcónaí (eotrófú).[13]
- 13 Deireadh Fómhair — Dúirt an snámhóir Shane Ryan go nglacfadh sé páirt sna Cluichí Breisithe (Enhanced Games), rud a tharraing conspóid.[14]
- 10 Deireadh Fómhair — Tháinig sos cogaidh idir Iosrael agus Hamas i bhfeidhm, faoi phlean síochána Trump.
- 10 Deireadh Fómhair — Fógraíodh go mbronnfaí Duais Nobel na Síochána ar María Corina Machado, ceannaire an fhreasúra i Veiniséala.
- 5 Deireadh Fómhair — Tharraing Jim Gavin siar as an toghchán uachtaránachta.
- 2 Deireadh Fómhair — Maraíodh beirt Ghiúdach taobh amuigh de shionagóg i Manchain ar Yom Kippur.
- 1–3 Deireadh Fómhair — Stad fórsaí Iosrael báid an Chabhlacháin Dhomhanda Sumud ar a mbealach go Gaza, agus gabhadh na gníomhaithe a bhí ar bord.
Básanna:
- 27 Deireadh Fómhair — Prunella Scales, ban-aisteoir
- 17 Deireadh Fómhair — Ed Moloney, iriseoir
- 16 Deireadh Fómhair — Seosamh Ó Braonáin, craoltóir agus colúnaí
- 11 Deireadh Fómhair — Diane Keaton, ban-aisteoir
- 2 Deireadh Fómhair — Manchán Magan, scríbhneoir agus craoltóir
- 1 Deireadh Fómhair — Jane Goodall, saineolaí ar shimpeansaithe
Meán Fómhair
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 29 Meán Fómhair — Cuireadh tús leis an triail achomhairc i bPáras faoi thuairt Eitilt 447 de chuid Air France in 2009.
- 28 Meán Fómhair — Olltoghchán na Moldóive: choinnigh an páirtí rialaithe, atá i bhfabhar an Aontais Eorpaigh, a thromlach, cé go raibh an Rúis ag cur isteach ar an toghchán.
- 26 Meán Fómhair — D'fhreastail Donald Trump ar Corn Ryder 2025 i Nua-Eabhrac.[15][16] Ghríosaigh sé a lucht tacaíochta chun feirge. Thosaigh a ghariníon, Kai Trump, ag díol léinte aclaíochta, $130 an ceann, a rinneadh sa tSín.[17]
- 25 Meán Fómhair — D'fhógair Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe, Keir Starmer, scéim aitheantais dhigitigh.
- 23 Meán Fómhair — D'ionsaigh dróin de chuid Iosrael báid an Chabhlacháin Dhomhanda Sumud amach ó chósta na Créite, gníomh imeaglaithe eile.
- 21 Meán Fómhair — Seirbhís chuimhneacháin Charlie Kirk in Glendale, Arizona: bhí breis is 100,000 duine i láthair, Donald Trump ina measc, agus sheas an eite fhíordheas gualainn ar ghualainn le chéile.
- 19 Meán Fómhair — D'fhoilsigh Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Ríochta Aontaithe creat nua faoi oidhreacht na dTrioblóidí, lena n-áirítear an Coimisiún Oidhreachta.
- 16–18 Meán Fómhair — An dara cuairt stáit ag Donald Trump ar an Ríocht Aontaithe.
- 16 Meán Fómhair — Dúirt coimisiún fiosrúcháin de chuid na Náisiún Aontaithe go raibh Iosrael ag déanamh cinedhíothaithe ar Phalaistínigh Gaza.
- 13 Meán Fómhair — Labhair Elon Musk trí nasc físe le hagóid mhór frith-inimirce a d'eagraigh Tommy Robinson i Londain; dúirt sé go raibh "foréigean ag teacht", agus thug sé foláireamh go raibh an Bhreatain ag titim as a chéile.[18][19]
- 12 Meán Fómhair — Ceapadh an breitheamh Sushila Karki ina príomhaire eatramhach ar Neipeal tar éis agóidí Ghlúin Z.
- 11 Meán Fómhair — Briseadh Peter Mandelson as a phost mar ambasadóir na Ríochta Aontaithe chuig na Stáit Aontaithe, de bharr a chaidrimh le Jeffrey Epstein.
- 10 Meán Fómhair — Feallmharaíodh Charlie Kirk, gníomhaí coimeádach agus tacadóir le Trump, in Utah.
- 9 Meán Fómhair — Aerionsaí Iosrael ar Hamas in Doha; theip ar an iarracht idirbheartaithe Hamas a mharú.
- 9 Meán Fómhair — D'ionsaigh dróin de chuid Iosrael ceann de bháid an Chabhlacháin Dhomhanda Sumud i gcuan sa Túinéis, gníomh imeaglaithe.
- Meán Fómhair — Díríodh aird arís ar an gcaidreamh idir Donald Trump agus Jeffrey Epstein.
- Meán Fómhair — Foilsíodh staidéar san iris Science faoi bhlaosc de chuid Homo longi ón tSín (Yunxian 2), atá thart ar mhilliún bliain d'aois.
- Meán Fómhair — Bhí fotheidil Ghaeilge ar chlár de chuid Netflix, House of Guinness, den chéad uair.
Básanna:
- 26 Meán Fómhair — Martin Mansergh, polaiteoir agus staraí
- 23 Meán Fómhair — Claudia Cardinale, ban-aisteoir Iodálach
- 16 Meán Fómhair — Robert Redford, aisteoir agus stiúrthóir scannán
Lúnasa
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 31 Lúnasa — Craoladh an chéad chlár de The Traitors ar RTÉ One.
- 31 Lúnasa — Maraíodh os cionn 2,200 duine i gcrith talún in oirthear na hAfganastáine.
- 31 Lúnasa — D'fhág an Cabhlachán Domhanda Sumud, cabhlach idirnáisiúnta fóirithinte, Barcelona ar a bhealach go Gaza.
- 25 Lúnasa — Ionsaí Iosrael ar Ospidéal Al-Nasser in Khan Yunis: maraíodh 20 duine, iriseoirí agus oibrithe tarrthála ina measc.
- 15 Lúnasa — Theip ar chomhdháil na Náisiún Aontaithe sa Ghinéiv teacht ar chonradh idirnáisiúnta faoi thruailliú plaisteach.
- 14 Lúnasa — Tharraing Mairead McGuinness siar as an toghchán uachtaránachta ar chomhairle leighis.
- 10 Lúnasa — Fuair Iosrael réidh le hAnas Al-Sharif, iriseoir mór le rá de chuid Al Jazeera, in aerionsaí in Gaza.
- 3 Lúnasa — Fuadaíodh an misinéir Éireannach Gena Heraty ó dhílleachtlann in aice le Port-au-Prince, i Háítí.
- 1 Lúnasa — Thug Donald Trump bata is bóthar d'Erika McEntarfer, ceann an Bureau of Labor Statistics, tar éis tuarascáil lag fostaíochta.
- Lúnasa — D'aimsigh saineolaithe ón tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra cuasnóg cornfhoichí Áiseacha i gcathair Chorcaí.
Básanna:
- 16 Lúnasa — Derry O'Sullivan, file
- 7 Lúnasa — Jim Lovell, spásaire
- 4 Lúnasa — George Morrison, stiúrthóir scannán
Iúil
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 31 Iúil — Fuair Acht na dTeangacha Albanacha (Acht nan Cànan Albannach), dlí chun tacú leis an nGaeilge Albanach agus leis an Albainis, an t-aontú ríoga.[20]
- 30 Iúil — Cheap Rialtas na hÉireann Justin Kelly ina Choimisinéir ar an nGarda Síochána.
- 28 Iúil — Aighneas idir an Chambóid agus an Téalainn: tháinig sos comhraic i bhfeidhm.
- 19 Iúil — Fuair idir 800 agus 900 iasc bás i Loch Síleann le linn an tsamhraidh bhrothallaigh (Aimsir na bliana 2025).
- 14 Iúil — Cuireadh tús le tochailt iomlán san áit a mbíodh Áras Máithreacha agus Naíonán Thuama.
- 10 Iúil — Bhagair Donald Trump arís go ngearrfadh sé taraifí thar cuimse ar an Rúis (cainteanna síochána).[21][22]
- 9 Iúil — Cuireadh leagan closleabhair den úrscéal Madame Lazare le Tadhg Mac Dhonnagáin ar fáil ar Spotify agus ar ardáin eile: an chéad uair a raibh úrscéal Gaeilge ar fáil ar na hardáin mhóra.[23]
- 4 Iúil — Shínigh Donald Trump an tAcht Mór Álainn (One Big Beautiful Bill Act), príomhreachtaíocht a dhara téarma.
- Iúil — Ceapadh Éilís Ní Dhuibhne ina Laureate don Fhicsean Éireannach, 2025–2028.
Básanna:
- 30 Iúil — Seán Rocks, craoltóir
- 24 Iúil — Hulk Hogan, coraí gairmiúil
- 22 Iúil — Ozzy Osbourne, amhránaí rac-cheoil
- 21 Iúil — Breandán Ó Conaire, scoláire Gaeilge agus dornálaí
- 3 Iúil — Diogo Jota, imreoir sacair Portaingéalach
Meitheamh
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 28 Meitheamh — Sheinn Kneecap i bhFéile Glastonbury, cé go ndúirt Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe, Keir Starmer, nár chuí an cheolchoirm.[24]
- 24 Meitheamh — Bhí bua gan choinne ag Zohran Mamdani i dtoghchán tosaigh an Pháirtí Dhaonlathaigh do mhéara Nua-Eabhrac.
- 23 Meitheamh — D'fhógair Donald Trump sos cogaidh idir Iosrael agus an Iaráin.
- 22 Meitheamh — Rinne na Stáit Aontaithe ionsaí buamála (Oibríocht Midnight Hammer) ar ionaid núicléacha na hIaráine.
- 21 Meitheamh — Bhí an teocht os cionn 35 céim i réigiún Pháras, agus 38 céim in áiteanna (Tonnta teasa na hEorpa, 2025).
- 20 Meitheamh — An Craoslach: dhiúltaigh an Coimisiún Pleanála cead pleanála do stáisiún seirbhíse nua ar shuíomh an phléasctha.
- 18 Meitheamh — Tugadh Liam Óg Ó hAnnaidh (Mo Chara, de chuid Kneecap) os comhair cúirte i Londain, agus é cúisithe faoin dlí frithsceimhlitheoireachta.
- 14 Meitheamh — Scaoileadh marbh Melissa Hortman, ionadaí Daonlathach i reachtas stát Minnesota, agus a fear céile.
- 13 Meitheamh — Thosaigh Cogadh Iosrael–Iaráin nuair a d'ionsaigh Iosrael an Iaráin.
- 12 Meitheamh — Tuairt Eitilt Air India 171 in Ahmedabad: maraíodh 241 duine ar bord agus 19 duine ar an talamh.
- 9–13 Meitheamh — Círéibeacha ciníocha Thuaisceart Éireann 2025, a thosaigh sa Bhaile Meánach.
- 9 Meitheamh — Imlonnaíodh muirshaighdiúirí de chuid na Stát Aontaithe in Los Angeles, gníomh gríosaithe de chuid Trump agus a chúntóra, Stephen Miller.
- 9 Meitheamh — Ghabh fórsaí Iosrael an luamh Madleen de chuid Chomhghuaillíocht na Saoirse (Freedom Flotilla Coalition) amach ó chósta Gaza.
- 7 Meitheamh — Athosclaíodh Sceilg Mhichíl do chuairteoirí, mí níos déanaí ná mar a bhí beartaithe.
- 6 Meitheamh — Cuireadh tús le hagóidí na n-inimirceach in Los Angeles.
- 3 Meitheamh — Thit Rialtas Schoof san Ísiltír nuair a tharraing páirtí Geert Wilders, an PVV, as an gcomhrialtas: comhrialtas a bhí an-fhada amach ar an eite dheas, agus a bhí ag piocadh ar a chéile an t-am go léir.
- 2 Meitheamh — Tháinig an Rúis agus an Úcráin ar chomhréiteach in Iostanbúl maidir le malartú príosúnach (cainteanna síochána).
- Meitheamh — Stopadh ag dó guail i Stáisiún cumhachta Ghob na Muine, an t-aon stáisiún cumhachta guail in Éirinn.
Básanna:
- 28 Meitheamh — Oilibhéar Ó Croiligh, scoláire agus sagart
- 18 Meitheamh — Henry Mountcharles, uasal Angla-Éireannach
- 11 Meitheamh — Brian Wilson, ceoltóir agus cumadóir
Bealtaine
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 30 Bealtaine — Ciontaíodh Richard Satchwell i ndúnmharú a mhná céile, Tina, in Eochaill sa bhliain 2017.
- 28 Bealtaine — Rialaigh Cúirt na Stát Aontaithe um Thrádáil Idirnáisiúnta go raibh formhór na dtaraifí a ghearr Trump neamhdhleathach.
- 28 Bealtaine — Scriosadh an sráidbhaile Blatten san Eilvéis nuair a thit oighearshruth anuas air.
- 26 Bealtaine — Tiomáineadh carr trí shlua mór ag paráid caithréime fhoireann sacair Learphoill i Learpholl; gabhadh Paul Doyle, 53 bliana d'aois, fear gnó agus iar-Royal Marine. Bhí sé as a chrann cumhachta ar dhrugaí.[25]
- 23 Bealtaine — D'iarr ceannaire na hEagraíochta Domhanda Sláinte ar Iosrael trócaire a dhéanamh ar na Palaistínigh agus deireadh a chur leis na hionsaithe ar Gaza.[26]
- 21 Bealtaine — Scaoil saighdiúirí Iosraelacha urchair gar do ghrúpa taidhleoirí a bhí ar cuairt ar an mBruach Thiar; bhí beirt as Éirinn ina measc.[27]
- 18 Bealtaine — Olltoghchán na Portaingéile: bhuaigh an AD, comhghuaillíocht ar dheis ón lár, arís.
- 18 Bealtaine — Bhuaigh méara Bhúcairist, Nicușor Dan, polaiteoir sa lár, toghchán uachtaránachta na Rómáine.
- 17 Bealtaine — Comórtas na hEoraifíse: fuair iarracht Iosrael, Yuval Raphael, an scór ab airde i vóta an phobail, beag beann ar an sléacht in Gaza, agus dúirt craoltóirí áirithe gur earcaíodh vótálaithe d'Iosrael.[28]
- 13 Bealtaine — D'ionsaigh Iosrael an tOspidéal Eorpach in Khan Yunis; bhí ceannaire Hamas, Mohammed Sinwar, mar sprioc.[29][30]
- 13 Bealtaine — Dúirt Trump go raibh na Stáit Aontaithe ag cur deireadh leis na smachtbhannaí a bhí acu ar an tSiria.
- 13 Bealtaine — Cuireadh ar ceal ciontú Peter Sullivan, a fuarthas ciontach i ndúnmharú mná sa bhliain 1987 agus a chaith 38 bliain i bpríosún.
- 12 Bealtaine — Tháinig na Stáit Aontaithe agus an tSín ar mhargadh sealadach: laghdaíodh taraifí na Stát Aontaithe ar earraí na Síne ó 145% go 30%.[31]
- 10 Bealtaine — Tháinig sos comhraic idir an India agus an Phacastáin i bhfeidhm.[32]
- 10 Bealtaine — Tháinig ceannairí Eorpacha agus Rialtas na hÚcráine ar shocrú i gCív maidir le sos comhraic 30 lá.[33]
- 8 Bealtaine — Toghadh Robert Prevost ina phápa, an Pápa Leon XIV, ag an gceathrú vóta.[34]
- 7 Bealtaine — D'ionsaigh Iosrael margadh agus bialann i Sráid Wehda in Rimal, Gaza; maraíodh 33 duine ar a laghad.[1]
- 7 Bealtaine — Thosaigh cogaíocht idir an India agus an Phacastáin nuair a rinne an India ionsaithe diúracán ar an bPacastáin.
- 6 Bealtaine — Toghadh Friedrich Merz (CDU) ina Sheansailéir ar an nGearmáin, i gcomharbas ar Olaf Scholz (SPD).
Básanna:
- 28 Bealtaine — Ngũgĩ wa Thiong'o, scríbhneoir Céiniach
- 26 Bealtaine — Aogán Ó Muircheartaigh, craoltóir
- 17 Bealtaine — Paul Durcan, file
- 11 Bealtaine — Paddy O’Toole, polaiteoir agus Aire Gaeltachta (Fine Gael)
Aibreán
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 30 Aibreán — Shínigh an Úcráin agus na Stáit Aontaithe conradh a thug tosaíocht do Mheiriceá ar acmhainní mianraí na hÚcráine.[35]
- 29 Aibreán — Rinne Trump comóradh ar a chéad 100 lá in oifig le slógadh in Michigan.[36]
- 28 Aibreán — Olltoghchán Cheanada 2025: d'fhan an Páirtí Liobrálach i gcumhacht, faoi stiúir Mark Carney.
- 25 Aibreán — Thug Virginia Giuffre, duine d'íospartaigh Jeffrey Epstein, lámh ina bás féin.
- 22 Aibreán — Ionsaí sceimhlitheoireachta in Pahalgam i gCaismír: maraíodh 26 duine. Chuir an India Conradh Uiscí an Indus (1960) ar fionraí;[37] dúirt an Phacastáin gurbh ionann sin agus cogadh a fhógairt.[38]
- 20 Aibreán — Ceiliúradh Aifreann na Cásca den uair dheireanach i dTeach Pobail Mhuire sna Doirí Beaga.
- 16 Aibreán — Osclaíodh go hoifigiúil an t-idirnascaire leictreachais Greenlink idir Éire agus an Bhreatain Bheag.
- 16 Aibreán — Rialaigh Cúirt Uachtarach na Ríochta Aontaithe go mbaineann na téarmaí "bean" agus "gnéas" i ndlí an chomhionannais le bean bhitheolaíoch agus gnéas bitheolaíoch amháin.[39][40]
- 9 Aibreán — D'fhógair Trump sos 90 lá ar na taraifí arda a bhí beartaithe aige; d'ardaigh an NASDAQ 12% (cliseadh na stocmhargaí).[41]
- 8–12 Aibreán — Bhí idir theaspach agus thriomach in Éirinn, agus an teocht chomh hard le 21 céim; d'iarr Uisce Éireann ar an bpobal a bheith spárálach le huisce.[42]
- 8 Aibreán — Dúirt Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe, Keir Starmer, go raibh a rialtas ag déanamh a mharana ar rialú cúirte i mBéal Feirste faoi fhiosrúchán poiblí ar dhúnmharú Sheáin Brown (1997).
- 4 Aibreán — Cliseadh na stocmhargaí: glanadh 5% eile de luach na gcuideachtaí ar Wall Street.[43]
- 2 Aibreán — Thosaigh cogadh trádála Trump i ndáiríre: d'fhógair sé taraifí ar bheagnach gach tír ar "Lá na Saoirse".
Básanna:
- 25 Aibreán — Virginia Giuffre, gníomhaí ar son íospartach gáinneála gnéis
- 21 Aibreán — An Pápa Proinsias
- 3 Aibreán — Mícheál Ó Duibhir, peileadóir agus bainisteoir
Márta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 28 Márta — Thug Leas-Uachtarán na Stát Aontaithe, J. D. Vance, cuairt ar an nGraonlainn; cháin polaiteoirí sa Ghraonlainn agus sa Danmhairg an turas (caidreamh na Stát Aontaithe leis an nGraonlainn).[44][45]
- 28 Márta — Crith talún sa Mhaenmar: maraíodh breis is 5,000 duine.
- 24 Márta — Signalgate: d'fhoilsigh an iris The Atlantic comhrá grúpa ar an aip Signal inar phléigh Pete Hegseth agus oifigigh eile pleananna d'ionsaithe ar na Hútaithe.[46][47]
- 23 Márta — Maraíodh oibrithe cabhracha in Rafah.
- 18 Márta — Bhris Iosrael an sos cogaidh in Gaza (Ionsaithe Iosrael ar Gaza, Márta 2025).
- 18 Márta — D'éirigh le Friedrich Merz agus Olaf Scholz an coscán ar fhiacha i mBunreacht na Gearmáine a scaoileadh.
- 15 Márta — Rinne fórsaí Mheiriceá ionsaithe aeir ar na Hútaithe san Éimin (Géarchéim na Mara Rua).
- 10 Márta — Imbhualadh sa Mhuir Thuaidh: bhuail lastlong in aghaidh tancaeir breosla amach ó inbhear an Humber.
- 3 Márta — Chuir na Stáit Aontaithe stop leis an gcúnamh míleata don Úcráin, chun brú a chur uirthi dul i mbun cainteanna síochána leis an Rúis.[48]
- Márta — Ba é Márta 2025 an Márta ba theo dár taifeadadh riamh san Eoraip, dar le Copernicus (agus focal ar bith faoi ar tuairisc.ie ná ar rte.ie).[49]
- Márta — Ionsaithe Iosrael ar an mBruach Thiar: díbríodh 40,000 Palaistíneach as campaí teifeach, Jenin ina measc, agus níor ligeadh dóibh filleadh.
- Márta — Scaip an mhéim "6-7" i scoileanna sna Stáit Aontaithe.[50]
Básanna:
- 21 Márta — George Foreman, dornálaí
- 20 Márta — Eddie Jordan, fiontraí agus craoltóir
- 1 Márta — Pat Ingoldsby, file agus craoltóir
Feabhra
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 28 Feabhra — Bhí cruinniú teasaí ag Volodymyr Zelensky le Donald Trump agus J. D. Vance sa Teach Bán.[51]
- 27 Feabhra — D'eitil Andrew agus Tristan Tate ón Rómáin go Fort Lauderdale, tar éis do Rialtas na Rómáine an cosc taistil a bhí orthu a ardú.[52]
- 26 Feabhra — Reáchtáladh an chéad chruinniú de chomh-aireacht Trump; bhí ról lárnach ag Elon Musk sna ciorruithe ar sheirbhísí poiblí (Roinn Éifeachtúlachta Rialtais).
- 26 Feabhra — Rinneadh aisghairm i dTuaisceart Éireann ar an Acht Riar na Córa (Teanga) 1737, a chuir cosc ar an nGaeilge sna cúirteanna ann ar feadh beagnach 300 bliain.[53]
- 24 Feabhra — Díbríodh Lynn Boylan, Feisire Eorpach, as Iosrael; d'fhoilsigh na hIosraelaigh grianghraif di ar na meáin shóisialta, sárú ar a sonraí pearsanta.
- 23 Feabhra — Olltoghchán na Gearmáine 2025: bhí an CDU/CSU, faoi stiúir Friedrich Merz, i bhfad chun tosaigh, le thart ar 29% den vóta.
- 20 Feabhra — Ciontaíodh Luis Rubiales i bpóg a thabhairt don imreoir sacair Jenni Hermoso in aghaidh a tola.
- 19 Feabhra — Chuir Donald Trump an milleán ar an Úcráin faoin gcogadh.[54] Dúirt Zelensky go raibh Trump faoi gheasa ag mífhaisnéis; d'aisfhreagair Trump gur "deachtóir" a bhí i Zelensky nár ghair olltoghchán in 2024 (le linn an chogaidh, rud a bhí dodhéanta).[55][56]
- 18 Feabhra — Reáchtáladh cainteanna síochána idir na Stáit Aontaithe agus an Rúis san Araib Shádach.
- 14 Feabhra — Dúirt Leas-Uachtarán na Stát Aontaithe, J. D. Vance, ag Comhdháil Slándála München go raibh "sirriam nua sa bhaile".[57][58]
- 12 Feabhra — Labhair Trump ar an nguthán le hUachtarán na Rúise, Vladimir Putin, faoin Úcráin, gan dul i gcomhairle le ceannairí na hEorpa.[59]
- 4 Feabhra — Mhol Donald Trump go ndíbreofaí na Palaistínigh as Gaza go buan, agus go ndéanfaí "Riviera an Mheánoirthir" den áit.
- 4 Feabhra — Maraíodh deichniúr in ionsaí lámhaigh ar ionad oideachais do dhaoine fásta in Örebro, sa tSualainn.
- Feabhra — Rinne Trump agus Elon Musk iarracht áisíneachtaí de chuid na Stát Aontaithe a dhúnadh nó a laghdú, USAID ina measc.[60]
Básanna:
- 25 Feabhra — Henry Kelly, craoltóir
- 24 Feabhra — Roberta Flack, amhránaí
- 18 Feabhra — Gene Hackman, aisteoir
Eanáir
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 24 Eanáir — Bhuail Stoirm Éowyn Éire agus an Bhreatain: an stoirm ba mheasa in Éirinn ó 1961. Fágadh 768,000 teach, feirm agus gnó gan leictreachas.[61]
- 23 Eanáir — Toghadh Micheál Martin ina Thaoiseach don dara huair (Rialtas an 34ú Dáil); fuair sé séala a oifige ón Uachtarán, Mícheál D. Ó hUigínn.
- 20 Eanáir — Bunaíodh an Roinn Éifeachtúlachta Rialtais (DOGE), faoi stiúir Elon Musk.
- 20 Eanáir — Insealbhaíodh Donald Trump ina Uachtarán ar na Stáit Aontaithe den dara huair.
- 15 Eanáir — Shocraigh Iosrael agus Hamas sos cogaidh in Gaza; ina dhiaidh sin, ghéaraigh an foréigean sa Bhruach Thiar.
- 10 Eanáir — Scaoileadh Donald Trump gan choinníoll sa chás faoin íocaíocht cheilte $130,000 le Stormy Daniels, ós rud é go raibh sé le hinsealbhú ina Uachtarán.[62]
- 10 Eanáir — Dúirt seirbhís Copernicus gurbh í 2024 an bhliain ba theo ó cuireadh tús le taifid.[63]
- 10 Eanáir — Bhris ráig den ghalar crúibe is béil amach sa Ghearmáin, gar do Bheirlín: an chéad uair a aimsíodh an galar sa tír ó na 1980idí.
- 7 Eanáir — Bhris falscaithe amach in Los Angeles agus sna ceantair máguaird; ba mhillteanach an tubaiste é.[64]
- 7 Eanáir — Crith talún sa Tibéid, gar don teorainn le Neipeal.
- 6 Eanáir — D'fhógair Justin Trudeau, príomhaire Cheanada, go n-éireodh sé as.
- 1 Eanáir — Phléasc trucailín Tesla lasmuigh d'Óstán Trump in Las Vegas; thug an tiománaí, saighdiúir de chuid arm na Stát Aontaithe, lámh ina bhás féin.
- 1 Eanáir — Maraíodh 14 duine agus gortaíodh 57 eile in ionsaí trucailín in New Orleans. Iarshaighdiúir de chuid arm na Stát Aontaithe ba ea an sceimhlitheoir.
- Eanáir — D'éirigh an Ghraonlainn ina cnámh spairne idir na Stáit Aontaithe agus an tAontas Eorpach: thug Trump le fios gur mian leis seilbh a fháil uirthi, agus ar Chanáil Phanama (caidreamh na Stát Aontaithe leis an nGraonlainn).[65]
Básanna:
- 7 Eanáir — Jean-Marie Le Pen, polaiteoir Francach
- 4 Eanáir — Eleanor Maguire, néareolaí
- 3 Eanáir — Meaití Jo Shéamuis Ó Fátharta, amhránaí ar an sean-nós agus craoltóir
- 2 Eanáir — Pádraig Ó Snodaigh, foilsitheoir (Coiscéim)
Básanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Na Gaeil a fuair bás in 2025: Seán Mac Mathúna, scríbhneoir; Manchán Magan, scríbhneoir agus craoltóir; Gordon McCoy, múinteoir Gaeilge; George Morrison, stiúrthóir scannán; Derry O'Sullivan, file; Paddy O’Toole, Aire Gaeltachta; Seosamh Ó Braonáin, craoltóir; Breandán Ó Conaire, scoláire agus dornálaí; Oilibhéar Ó Croiligh, sagart agus scoláire; Seoirse Ó Dochartaigh, ceoltóir; Mícheál Ó Duibhir, peileadóir; Meaití Jo Shéamuis Ó Fátharta, amhránaí sean-nóis; Aogán Ó Muircheartaigh, craoltóir; Pádraig Ó Snodaigh, foilsitheoir; agus Seán Rocks, craoltóir
- Na hÉireannaigh: Paddy Cooney, FG; Margaretta D’Arcy, gníomhaí; Paul Durcan, file; Pat Ingoldsby, file; Eddie Jordan, fiontraí; Henry Kelly, craoltóir; an tSiúr Stanislaus Kennedy, gníomhaí; Gerard Lynch, FG; Eleanor Maguire, néareolaí; Martin Mansergh, FF; Ed Moloney, iriseoir; agus Henry Mountcharles, tiarna talún
- Thar lear: an Pápa Proinsias; Brigitte Bardot, ban-aisteoir Francach; Dick Cheney, Leas-Uachtarán SAM 2001–2009; Roberta Flack, amhránaí; Frank Gehry, ailtire; Virginia Giuffre, gníomhaí; Jane Goodall, saineolaí ar shimpeansaithe; Gene Hackman, aisteoir; Diane Keaton, ban-aisteoir; Joan Bennett Kennedy, bean chéile Ted Kennedy tráth; Charlie Kirk, gníomhaí coimeádach; Jean-Marie Le Pen, pobalóir Francach; Jim Lovell, spásaire; Ozzy Osbourne, ceoltóir; Robert Redford, aisteoir; Tom Stoppard, drámadóir; James Watson, bitheolaí; agus Brian Wilson, ceoltóir
Liosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 28 Nollaig — Brigitte Bardot, ban-aisteoir agus amhránaí Francach (r. 1934)
- 24 Nollaig — Seán Mac Mathúna, scríbhneoir Éireannach (r. 1936)
- 20 Nollaig — Gerard Lynch, polaiteoir Éireannach (r. 1931)
- 10 Nollaig — Sophie Kinsella, scríbhneoir Briotanach (r. 1969)
- 6 Nollaig — Paddy Cooney, polaiteoir Éireannach (r. 1931)
- 5 Nollaig — Frank Gehry, ailtire Ceanadach agus Meiriceánach (r. 1929)
- 29 Samhain — Tom Stoppard, drámadóir Sasanach (r. 1937)
- 24 Samhain — Jimmy Cliff, ceoltóir agus aisteoir Iamácach (r. 1944)
- 23 Samhain — Margaretta D’Arcy, scríbhneoir agus gníomhaí Éireannach (r. 1934)
- 21 Samhain — Seoirse Ó Dochartaigh, ceoltóir agus scríbhneoir Éireannach (r. 1946)
- 13 Samhain — Gordon McCoy, múinteoir Gaeilge agus scríbhneoir Éireannach (r. 1963)
- 6 Samhain — James Watson, bitheolaí Meiriceánach (r. 1928)
- 3 Samhain — Dick Cheney, Leas-Uachtarán na Stát Aontaithe 2001–2009 (r. 1941)
- 3 Samhain — Stanislaus Kennedy, bean rialta agus gníomhaí Éireannach (r. 1939)
- 27 Deireadh Fómhair — Prunella Scales, ban-aisteoir Sasanach (r. 1932)
- 17 Deireadh Fómhair — Ed Moloney, iriseoir Éireannach (r. 1948)
- 16 Deireadh Fómhair — Seosamh Ó Braonáin, craoltóir agus colúnaí Éireannach
- 11 Deireadh Fómhair — Diane Keaton, ban-aisteoir agus stiúrthóir scannán Meiriceánach (r. 1946)
- 8 Deireadh Fómhair — Joan Bennett Kennedy, bean chéile Ted Kennedy tráth (r. 1936)
- 2 Deireadh Fómhair — Manchán Magan, scríbhneoir agus craoltóir Éireannach (r. 1970)
- 1 Deireadh Fómhair — Jane Goodall, saineolaí Sasanach ar shimpeansaithe (r. 1934)
- 26 Meán Fómhair — Martin Mansergh, polaiteoir agus staraí Éireannach (r. 1946)
- 23 Meán Fómhair — Claudia Cardinale, ban-aisteoir Iodálach (r. 1938)
- 16 Meán Fómhair — Robert Redford, aisteoir agus stiúrthóir scannán Meiriceánach (r. 1936)
- 14 Meán Fómhair — Ricky Hatton, dornálaí Sasanach (r. 1978)
- 10 Meán Fómhair — Charlie Kirk, gníomhaí polaitíochta Meiriceánach (r. 1993)
- 16 Lúnasa — Derry O'Sullivan, file Éireannach (r. 1944)
- 7 Lúnasa — Jim Lovell, spásaire Meiriceánach (r. 1928)
- 4 Lúnasa — George Morrison, stiúrthóir scannán Éireannach (r. 1922)
- 30 Iúil — Seán Rocks, craoltóir agus aisteoir Éireannach (r. 1961)
- 24 Iúil — Hulk Hogan, coraí gairmiúil Meiriceánach (r. 1953)
- 22 Iúil — Ozzy Osbourne, amhránaí rac-cheoil Sasanach (r. 1948)
- 21 Iúil — Breandán Ó Conaire, scoláire Gaeilge agus dornálaí Éireannach
- 3 Iúil — Diogo Jota, imreoir sacair Portaingéalach (r. 1996)
- 28 Meitheamh — Oilibhéar Ó Croiligh, scoláire agus sagart Éireannach (r. 1940)
- 20 Meitheamh — Ivar Giaever, fisiceoir Ioruach agus Meiriceánach (r. 1929)
- 18 Meitheamh — Henry Mountcharles, uasal Angla-Éireannach (r. 1951)
- 14 Meitheamh — Melissa Hortman, polaiteoir Meiriceánach (r. 1970)
- 11 Meitheamh — Brian Wilson, ceoltóir agus cumadóir Meiriceánach (r. 1942)
- 31 Bealtaine — Mike McCallum, dornálaí Iamácach (r. 1956)
- 28 Bealtaine — Ngũgĩ wa Thiong'o, scríbhneoir Céiniach (r. 1938)
- 26 Bealtaine — Aogán Ó Muircheartaigh, craoltóir Éireannach (r. 1948)
- 20 Bealtaine — Nino Benvenuti, dornálaí Iodálach (r. 1938)
- 17 Bealtaine — Paul Durcan, file Éireannach (r. 1944)
- 15 Bealtaine — Taina Elg, ban-aisteoir agus amhránaí Fionlannach (r. 1930)
- 11 Bealtaine — Paddy O’Toole, polaiteoir Éireannach (r. 1938)
- 1 Bealtaine — Ruth Buzzi, ban-aisteoir agus fuirseoir Meiriceánach (r. 1936)
- 25 Aibreán — Philip Lowrie, aisteoir Briotanach (r. 1936)
- 25 Aibreán — Virginia Giuffre, gníomhaí Meiriceánach ar son íospartach gáinneála gnéis (r. 1983)
- 21 Aibreán — An Pápa Proinsias, an 266ú pápa (r. 1936)
- 3 Aibreán — Mícheál Ó Duibhir, peileadóir agus bainisteoir Éireannach (r. 1936)
- 21 Márta — George Foreman, dornálaí Meiriceánach (r. 1949)
- 20 Márta — Eddie Jordan, fiontraí agus craoltóir Éireannach (r. 1948)
- 1 Márta — Pat Ingoldsby, file agus craoltóir Éireannach (r. 1942)
- 25 Feabhra — Henry Kelly, craoltóir Éireannach (r. 1946)
- 24 Feabhra — Roberta Flack, amhránaí Meiriceánach (r. 1937)
- 18 Feabhra — Gene Hackman, aisteoir Meiriceánach (r. 1930)
- 2 Feabhra — Brian Murphy, aisteoir Sasanach (r. 1932)
- 1 Feabhra — Horst Köhler, Uachtarán na Gearmáine 2004–2010 (r. 1943)
- 14 Eanáir — Tony Slattery, aisteoir agus fuirseoir Sasanach (r. 1959)
- 9 Eanáir — Bill Byrge, aisteoir Meiriceánach (r. 1932)
- 7 Eanáir — Jean-Marie Le Pen, polaiteoir Francach (r. 1928)
- 4 Eanáir — Eleanor Maguire, néareolaí Éireannach (r. 1970)
- 3 Eanáir — Meaití Jo Shéamuis Ó Fátharta, amhránaí ar an sean-nós agus craoltóir Éireannach (r. 1947)
- 2 Eanáir — Pádraig Ó Snodaigh, foilsitheoir agus gníomhaí Éireannach (r. 1935)
Duaiseanna Nobel
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Fisic — John Clarke, Michel Devoret agus John M. Martinis
- Ceimic — Susumu Kitagawa, Richard Robson agus Omar M. Yaghi
- Fiseolaíocht nó Leigheas — Mary E. Brunkow, Fred Ramsdell agus Shimon Sakaguchi
- Litríocht — László Krasznahorkai
- Síocháin — María Corina Machado
- Eacnamaíocht — Joel Mokyr, Philippe Aghion agus Peter Howitt
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 "2025 Wehda Street airstrikes" (as en) (2025-05-12). Wikipedia.
- ↑ psni.police.uk (9 Nollaig 2025). "Final Kenova Report - official".
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-12-09). "Gan chlaonpáirtíocht idir an UVF agus stát na Breataine - Kenova" (as ga-IE).
- ↑ Kenova Final Report / psni.police.uk (9 Nollaig 2025). "Lch 125: In the aftermath of the attacks, the RUC and Army were in possession of intelligence which identified a number of those believed to have been involved.".
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-11-20). "Bean cúisithe i mbagairt a dhéanamh ar Simon Harris" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-09-01). "Fiosrúchán coiriúil faoi bhagairt ar an Tánaiste agus a chlann" (as ga-IE).
- ↑ "‘Ligimis don Ghaeilge bláthú’ – Catherine Connolly insealbhaithe mar an deichiú huachtarán ar Éirinn" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-11-11). Dáta rochtana: 2025-11-12.
- ↑ Darren Ó Dubhgáin (2025-11-11). "Lá stairiúil i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ag insealbhú Catherine Connolly" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-11-11.
- ↑ "Why is Donald Trump threatening to sue the BBC?" (en-GB). www.bbc.com (2025-11-11). Dáta rochtana: 2025-11-11.
- ↑ "Uachtarán Mheiriceá ag bagairt an dlí ar an BBC" (as ga) (2025-11-10).
- ↑ "Tunnel Hill 50/100 Mile Run | Enjoy Illinois" (en-US). Enjoy Illinois. Dáta rochtana: 2025-11-24.
- ↑ "Éileamh 'Prince Andrew' a bhaint ó shráidainmneacha an Tuaiscirt." (as ga) (2025-10-31).
- ↑ Ciarán Lenoach / Nuacht RTÉ (2025-10-14). "Caighdeán an uisce i ndobharlaigh an Stáit fós ag meath" (as ga-IE).
- ↑ "Ireland’s Most Decorated Swimmer Shane Ryan Joins Enhanced Games - Enhanced" (en). www.enhanced.com. Dáta rochtana: 2025-11-21.
- ↑ Scríobh sé, ar an 26 Meán Fómhair: "As we prepare to celebrate 250 glorious years of American independence, the Ryder Cup also reminds us of our special relationship with the United Kingdom and our shared cultural heritage with the continent of Europe. The sportsmanship and good-hearted competition that will be on display throughout this weekend serve as a shining example to the world that our countries stand united in the common causes of freedom, excellence, and the pursuit of greatness."
- ↑ The White House (2025-09-26). "Presidential Message on the 45th Ryder Cup" (en-US). The White House. Dáta rochtana: 2025-10-05.
- ↑ Chavie Lieber (2025-10-01). "Meet the 18-Year-Old Trump Scion Selling Sweatshirts From the White House Lawn" (en-US). The Wall Street Journal. Dáta rochtana: 2025-10-05.
- ↑ Aneesa Ahmed (2025-09-13). "Elon Musk calls for dissolution of parliament at far-right rally in London" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2025-09-14.
- ↑ Mint (2025-09-13). "'Violence Is Coming': Elon Musk’s Explosive Speech At 110K London Anti-Immigration Rally".
- ↑ legislation.gov.uk. "Scottish Languages Act 2025" (en). Dáta rochtana: 2026-11-08.
- ↑ MSN (10 Iúil 2025). "Trump backs new Russia sanctions bill". www.msn.com. Dáta rochtana: 2025-07-10.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-07-10). "Trump ag bagairt taraifí thar cuimse a ghearradh ar an Rúis" (as ga-IE).
- ↑ Bridget Bhreathnach (10 Iúil 2025). "Likely scams, tithíocht agus cistí infheistíochta, samhradh idileach agus closleabhar ‘Madame Lazare’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-07-10.
- ↑ RTÉ News (2025-06-28). "Kneecap lead Glastonbury in chants against Starmer" (as en).
- ↑ "Paul Doyle accused of using car as weapon at Liverpool parade, court told" (en-GB). www.bbc.com (2025-05-30). Dáta rochtana: 2025-06-01.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-05-23). "'Córas sláinte Gaza ar tí titim as a chéile'" (as ga).
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-05-21). "Níl aon chúnamh faighte ag Palaistínigh fós, a deir carthanachtaí" (as ga-IE).
- ↑ Alex Hijmans (21 Bealtaine 2025). "‘Douze points’ d’Iosrael – céard sa diabhal ba chúis leis?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-05-22.
- ↑ "2025 Gaza European Hospital strikes" (as en) (2025-05-23). Wikipedia.
- ↑ "70 Palaistíneach eile ar a laghad maraithe in ionsaithe Iosrael" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-05-14). Dáta rochtana: 2025-05-16.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-05-12). "Margadh sealadach idir Meiriceá agus an tSín faoi Tharaifí Trump" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-05-10). "'Sos comhraic idir an India agus an Phacastáin'-Trump" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-05-10). "Socrú déanta i gCív" (as ga-IE).
- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (10 Bealtaine 2025). "Nuacht Mhall (Maigh Eo)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-05-10.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-05-01). "Margadh Trump déanta théis achrainn faoi mhianraí na hÚcráine" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-04-30). "Comóradh déanta ag Trump ar a chéad 100 lá in oifig" (as ga-IE).
- ↑ "Indus Waters Treaty" (as en) (2025-04-25). Wikipedia.
- ↑ "Pahalgam attack: Will India suspending Indus Waters Treaty affect Pakistan?" (en-GB). www.bbc.com (2025-04-25). Dáta rochtana: 2025-04-25.
- ↑ supremecourt.uk (16 Aibreán 2025). "Summary". Dáta rochtana: 2025.
- ↑ "For Women Scotland Ltd (Appellant) v The Scottish Ministers (Respondent) - UK Supreme Court" (en). www.supremecourt.uk. Dáta rochtana: 2025-04-19.
- ↑ "Sos taraifí 90 lá fógartha ag Donald Trump, taraif ar an tSín ardaithe" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-04-09). Dáta rochtana: 2025-04-10.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-04-09). "Teocht chomh hard le 20 céim inniu, 21 céim amárach" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-04-07). "Cíor thuathail tarraingthe ag Trump ar na stocmhargaí" (as ga-IE).
- ↑ RnaG (2025-03-24). "Tús Áite: An Ghraonlainn" (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2025-03-29.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-03-29). "Vance cáinte sa Danmhairg" (as ga-IE).
- ↑ Peter Beaumont (2025-03-26). "Signal leak revelations expose US officials’ lies about what was shared" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2025-03-29.
- ↑ "United States government group chat leak" (as en) (2025-03-29). Wikipedia.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-03-04). "Stop curtha ag Trump le cúnamh míleata don Úcráin faoi láthair" (as ga-IE).
- ↑ Copernicus (2025-04-08). "Second-warmest March globally, large wet and dry anomalies in Europe". climate.copernicus.eu. Dáta rochtana: 2025-04-09.
- ↑ "Gopuff Taps Into Viral Trend with Exclusive Launch of 6 7 Water" (en). Store Brands. Dáta rochtana: 2025-10-21.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-02-28). ""Níor chóir géilleadh don Rúis", a dúirt Zelensky le Trump inniu" (as ga-IE).
- ↑ Jon Henley, Emine Sinmaz, Richard Luscombe (2025-02-27). "Andrew Tate and brother land in US from Romania after travel ban lifted" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2025-02-27.
- ↑ Pádraic Ó Ciardha (27 Meitheamh 2025). "Céim dlí le Gaeilge le cur ar fáil ag Ollscoil na Banríona den chéad uair" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-06-29.
- ↑ Bréag de chuid Trump a bhí ann go cinnte: rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin in 2022, agus maraíodh na céadta míle duine – idir shaighdiúirí agus shibhialtaigh – de bharr na cogaíochta, 2022–2025.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-02-19). "File fuar déanta ag Trump de cheasacht na hÚcráine" (as ga-IE).
- ↑ Alex Hijmans (19 Feabhra 2025). "‘Más síocháin atá uait, ullmhaigh don chogadh’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-02-19.
- ↑ "2025 JD Vance speech at the Munich Security Conference" (as en) (2025-02-17). Wikipedia.
- ↑ Nuacht RnaG (14 Feabhra 2025). "Tús Áite: Comhdháil Slándála Munich le John Maguire" (as ga-IE).
- ↑ Kaitlan Collins, Kevin Liptak (2025-02-12). "After Putin call, Trump says negotiations to end Ukraine war will start ‘immediately’ | CNN Politics" (en). CNN. Dáta rochtana: 2025-02-17.
- ↑ "Cúlghairm déanta ag Trump ar chead slándála Joe Biden" (as ga) (2025-02-08).
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-01-24). "'Stoirm ghéar gan chuimse'-BSL" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-01-10). "Píonós gearrtha ar an Uachtarán Trump" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-01-10). "'2024 ba theo riamh'-Copernicus" (as ga-IE).
- ↑ Samuel Granados, Nicholas Bogel-Burroughs, Soumya Karlamangla (2025-01-09). "How the Destruction in Los Angeles Ranks in California’s Fire History" (en-US). The New York Times. Dáta rochtana: 2025-01-10.
- ↑ Maya Yang (2025-01-28). "Trump again demands to buy Greenland in ‘horrendous’ call with Danish PM" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2025-12-23.