2024
Cuma
| Sampla de | bliain féilire agus bliain bhisigh ag tosú ar an Luan agus ag críochnú ar an Máirt |
|---|---|
| Féilirí eile | |
| féilire Ghréagóra | 2024 (mmxxiv) |
| Ioslamach | 1446 – 1447 |
| Síneach | 4720 – 4721 |
| Eabhrach | 5784 – 5785 |
| Hiondúch | 2079 – 2080 (Vikram Samvat) 1946 – 1947 (Shaka Samvat) 5125 – 5126 (Kali Yuga) |
| Peirseach | 1402 – 1403 |
| Airméanach | 1473 |
| Rúnach | 2274 |
| Ab urbe condita | 2777 |
| Catagóirí | |
| Breitheanna Básanna Teilifís Scannáin Spóirt | |
| Aois | |
| 20ú haois - 21ú haois - 22ú haois | |
| Deich mbliana | |
| 1990í 2000í 2010í - 2020í - 2030í 2040í 2050í | |
| Bliain | |
| 2021 2022 2023 - 2024 - 2025 2026 2027
| |
| | |
Is bliain bhisigh í an bhliain 2024 (MMXXIV).
Cúrsaí reatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Aimsir na bliana 2024: an bhliain ba theo a taifeadadh riamh.
- Básanna: Básanna sa bhliain 2024; an liosta iomlán
Nollaig
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 25 Nollaig — Tuairt Azerbaijan Airlines Eitilt 8243.
- 23 Nollaig — D'fhógair François Bayrou (ón lár), príomhaire nua na Fraince, a rialtas.
- 19 Nollaig — Ciontaíodh 48 fear in éigniú Gisèle Pelicot; níor éirigh leis na póilíní teacht ar 23 fear eile.
- 17 Nollaig — Feallmharaíodh an Ginearál Rúiseach Kirillov. Bhí an Úcráin tar éis é a chúiseamh i gcoireanna cogaidh, as armlón ceimiceach a úsáid san Úcráin.
- 14–15 Nollaig — Bhuail Cioclón Chido Mayotte agus an Mhósaimbíc go dona; is beag crann a fágadh ina sheasamh ar oileán Mayotte.
- 12 Nollaig — D'fhógair Rialtas na hÉireann go dtacódh sé le caingean dlí na hAfraice Theas in aghaidh Iosrael sa Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta.
- 6–7 Nollaig — Bhuail Stoirm Darragh Calafort Caergybi go dona.
- 4 Nollaig — Thit rialtas Barnier (ar dheis ón lár) sa Fhrainc nuair a tháinig na hantoiscigh, an Rassemblement National agus an Front Populaire, i bpáirt le chéile chun tabhairt air éirí as.
- 4 Nollaig — Caitheadh Brian Thompson de chuid UnitedHealthcare in Manhattan. Gabhadh Luigi Mangione ina dhiaidh sin.
Básanna:
- 29 Nollaig — Jimmy Carter, Uachtarán na Stát Aontaithe 1977–1981, 100 bliain d'aois
- 20 Nollaig — Gearóid Ó Cairealláin, iriseoir agus gníomhaí teanga
Samhain
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 29 Samhain — Olltoghchán na hÉireann, chun an 34ú Dáil Éireann a thoghadh.
- 29 Samhain — Vótáil Teach na dTeachtaí (Westminster) i bhfabhar an Bhille um Bás Cuidithe ag an dara léamh.
- 27 Samhain — Tháinig sos comhraic idir Iosrael agus treallchogaithe Hezbollah i bhfeidhm.
- 23 Samhain — COP29: tháinig na toscairí ar chomhaontú faoi 300 billiún dollar sa bhliain faoin mbliain 2035.
- 5 Samhain — Toghchán uachtaránachta na Stát Aontaithe: bhuaigh Trump gan stró, agus Teach na nIonadaithe agus an Seanad aige.
- 1 Samhain — Níor thángthas ar chomhaontú ag deireadh COP16, Comhdháil na Náisiún Aontaithe um Bhithéagsúlacht.
- 1 Samhain — Bunaíodh an feachtas TINTEÁN chun dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht.
Básanna:
- 26 Samhain — Gemma Hussey, polaiteoir (Fine Gael)
- 7 Samhain — Kathleen Watkins, cláirseoir agus craoltóir
Deireadh Fómhair
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 29 Deireadh Fómhair — Maraíodh 231 duine de bharr maidhmeanna tuile in oirthear na Spáinne.
- 16 Deireadh Fómhair — Maraíodh ceannaire Hamas, Yahya Sinwar; bhí sé gortaithe, ina shuí ar chathaoir i dteach scriosta.
- 1 Deireadh Fómhair — Rinne Iosrael ionradh talún ar an Liobáin. Easáitíodh 1,200,000 duine de bharr an chogaidh (daonra na tíre: 5.4 milliún).
Básanna:
- 16 Deireadh Fómhair — Liam Payne, amhránaí; thit sé ó bhalcóin óstáin, agus é faoi thionchar drugaí
- 15 Deireadh Fómhair — An Ginearál Sir Mike Jackson, oifigeach in Arm na Breataine
- 3 Deireadh Fómhair — Mary O'Rourke, polaiteoir (Fianna Fáil)
Meán Fómhair
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 27 Meán Fómhair — Maraíodh ceannaire Hezbollah, Hassan Nasrallah, agus ceannairí eile.
- 26 Meán Fómhair — Bhuail Hairicín Helene na Stáit Aontaithe. Fágadh muintir Carolina Thuaidh in umar na haimléise.
- 17–18 Meán Fómhair — Phléasc Iosrael na mílte glaoire agus siúlscéalaithe sa Liobáin agus sa tSiria.
- 15 Meán Fómhair — Rinneadh an dara hiarracht Donald Trump a fheallmharú.
- 9 Meán Fómhair — Dúirt Mary Robinson gur mór an náire "an neamhshuim atá á léiriú ag an bpobal idirnáisiúnta" sa tSúdáin.
- 3 Meán Fómhair — Ionsaí diúracán de chuid na Rúise ar Poltava san Úcráin.
Lúnasa
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 28 Lúnasa — Osclaíodh na Cluichí Parailimpeacha i bPáras.
Básanna:
- 21 Lúnasa — Nell McCafferty, iriseoir
Iúil
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 31 Iúil — Feallmharaíodh ceannaire polaitíochta Hamas, Ismail Haniyeh, in Tehran.
- 30 Iúil — Thosaigh agóidí agus círéibeacha frith-inimirce sa Ríocht Aontaithe, agus i mBéal Feirste chomh maith. Scaipeadh go leor mífhaisnéise.
- 26 Iúil – 11 Lúnasa — Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh i bPáras.
- 21 Iúil — D'fhógair Joe Biden nach mbeadh sé ina iarrthóir d'ainmniúchán an Pháirtí Dhaonlathaigh.
- 21 Iúil — An lá ba theo riamh ar fud an domhain ó cuireadh tús le taifid.
- 19 Iúil — Eachtra CrowdStrike: cur isteach domhanda ar theicneolaíocht faisnéise.
- 13 Iúil — Rinneadh an chéad iarracht Donald Trump a fheallmharú.
- 7 Iúil — Olltoghchán na Fraince: timpeall 220 suíochán don chomhghuaillíocht sa lár agus ar dheis a bhain le Macron, 192 suíochán don Front Populaire agus 142 suíochán don Rassemblement National.
- 4 Iúil — Olltoghchán na R-A i dTuaisceart Éireann: fuair Sinn Féin an sciar ba mhó den vóta, agus chaill an DUP trí shuíochán.
- 4 Iúil — Scriosadh na Tóraithe in olltoghchán na Ríochta Aontaithe.
Básanna:
- 27 Iúil — Edna O'Brien, údar
Meitheamh
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 27 Meitheamh — Díospóireacht Biden-Trump. D'fhág sí na Daonlathaigh buartha faoi aois Biden, faoina shláinte agus faoi ghéire a intinne.
- 17 Meitheamh — Ag ócáid tiomsaithe airgid, d'fhan Joe Biden ina staic nuair a bhí sé in ainm is an stáitse a fhágáil. B'éigean do Bharack Obama breith ar lámh air agus é a threorú.
- 14 Meitheamh — Atoghadh Cyril Ramaphosa ina uachtarán ar an Afraic Theas don dara téarma.
- 8 Meitheamh — Saoradh na ngiall i Nuseirat, le damáiste comhthaobhach ollmhór, le linn an Chogaidh Iosrael-Gaza.
- 7–12 Meitheamh — Craobhchomórtais Lúthchleasaíochta na hEorpa 2024 sa Róimh.
- 7 Meitheamh — Toghcháin áitiúla na hÉireann: an chéad uair riamh a raibh deis ag daoine i gcathair Luimnigh méara a thoghadh.
- 6–9 Meitheamh — Toghchán Pharlaimint na hEorpa: bhí Páirtí an Phobail Eorpaigh (de chuid FG agus Ursula von der Leyen) fós ar an ngrúpa ba mhó.
- 6 Meitheamh — D'ionsaigh Iosrael scoil i gcampa dídeanaithe Nuseirat, i lár stráice Gaza. Bhí an scoil faoi stiúir na Náisiún Aontaithe.
Básanna:
- 25 Meitheamh — Mícheál Ó Muircheartaigh, tráchtaire CLG
- 21 Meitheamh — Pádraig Ó Baoighill, údar
- 8 Meitheamh — Charlie Lennon, ceoltóir agus cumadóir
Bealtaine
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 30 Bealtaine — Ciontaíodh Donald Trump i gcalaois.
- 29 Bealtaine — Olltoghchán na hAfraice Theas.
- 24 Bealtaine — Thug an CBI ordú d'Iosrael deireadh a chur láithreach bonn leis an mórionsaí ar chathair Rafah i ndeisceart Gaza.
- 19 Bealtaine — Tháinig an scannán corpuafáis The Substance amach in Cannes; díríonn sé an spotsolas ar an mbrú a chuirtear ar mhná a bheith óg, álainn agus 'foirfe'.
- 18 Bealtaine — Tháinig an scannán Black Dog, a stiúir Guan Hu, amach in Cannes.
- 7 Bealtaine — Chinn bainistíocht Choláiste na Tríonóide dífheistiú a dhéanamh ó institiúidí de chuid Iosrael.
- 1 Bealtaine — Tháinig an Coimisiún Neamhspleách um Athmhuintearas agus Aimsiú Eolais i bhfeidhm sa Ríocht Aontaithe.
Básanna:
- 26 Bealtaine — Fionnbarra Ó Cuilleanáin, sagart agus scríbhneoir
- 18 Bealtaine — Tony O'Reilly, fear gnó
- 10 Bealtaine — Mary Banotti, polaiteoir (Fine Gael)
Aibreán
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 29 Aibreán — Bhuail tuilte stát Rio Grande do Sul, i bhfíordheisceart na Brasaíle.
- 10 Aibreán — Thug Parlaimint na hEorpa a beannacht don Chomhaontú Imirce agus Tearmainn.
- 1 Aibreán — Ionsaí de chuid Iosrael ar World Central Kitchen i lár stráice Gaza.
Márta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 26 Márta — Thug droichead Francis Scott Key in Maryland uaidh nuair a bhuail long choimeádán ceann de na piléir thaca.
- 22 Márta — Maraíodh 145 duine ar a laghad in ionsaí sceimhlitheoireachta de chuid an Stáit Ioslamaigh sa Rúis.
- 17 Márta — Bhí ollbhua ag Putin i dtoghchán uachtaránachta na Rúise: 88% den vóta.
- 13 Márta — Rith Parlaimint na hEorpa an tAcht um Intleacht Shaorga, dlí chun an intleacht shaorga a rialú.
- 8 Márta — Oibríocht Kenova: foilsíodh an chéad tuarascáil eatramhach faoi Freddie Scappaticci (Stakeknife).
- 8 Márta — Theip ar an 39ú Leasú agus ar an 40ú Leasú ar Bhunreacht na hÉireann.
Básanna:
- 18 Márta — Rose Dugdale, poblachtánach (IRA)
- 11 Márta — Charlie Bird, iriseoir agus craoltóir
Feabhra
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 29 Feabhra — Sléacht Al-Rashid: scaoil saighdiúirí Iosraelacha le slua mór a bhí bailithe timpeall ar leoraithe lán de lón cabhrach.
- 28 Feabhra — Rialaigh an Ard-Chúirt i mBéal Feirste go sáraíonn cuid d'Acht Oidhreachta na dTrioblóidí an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.[1][2][3]
- 27 Feabhra — Thug Parlaimint na hEorpa a beannacht don Dlí Athchóirithe Nádúir an Aontais Eorpaigh.
- 22 Feabhra — Thuirling IM-1, spásárthach de chuid Intuitive Machines, gar do mhol theas na gealaí.
- 19 Feabhra — Thosaigh imscrúdú na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta maidir le forghabháil Iosrael ar chríocha Palaistíneacha sa Háig.
- 17 Feabhra — Tháinig an tAcht um Sheirbhísí Digiteacha i bhfeidhm in Éirinn.
- 14 Feabhra — Scannal íocaíochta RTÉ: tháinig sé chun solais gur tugadh íocaíochtaí iomarcaíochta ollmhóra do dhaoine áirithe nuair a d'fhág siad RTÉ sna 2020idí.
Básanna:
- 16 Feabhra — Alexei Navalny, gníomhaí Rúiseach, sa champa géibhinn san Artach ina raibh sé faoi choimeád
- 6 Feabhra — John Bruton, Taoiseach 1994–1997 (Fine Gael)
Eanáir
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 5 Eanáir — B'éigean d'Eitilt 1282 de chuid Alaska Airlines tuirlingt éigeandála a dhéanamh nuair a séideadh ceann d'fhuinneoga agus taobhphainéal an eitleáin amach.
- 1 Eanáir — Bhuail crith talún Noto cósta thiar na Seapáine; fuair 504 duine bás (go díreach agus go hindíreach).
- Eanáir — Lean Géarchéim na Mara Rua ar aghaidh.
Básanna:
- 5 Eanáir — Catrìona NicGumaraid, file Gaeilge na hAlban
- 2 Eanáir — An Ginearál Sir Frank Kitson, oifigeach in Arm na Breataine
Básanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Na Gaeil a fuair bás in 2024: Pádraig Ó Baoighill, údar; Charlie Lennon, ileolaí srl.; Mícheál Ó Muircheartaigh, CLG; Catrìona NicGumaraid, file; Gearóid Ó Cairealláin, Gael; agus Fionnbarra Ó Cuilleanáin, Athair
- Na hÉireannaigh: Mary Banotti, FG; Charlie Bird, iriseoir; John Bruton, FG; Rose Dugdale, IRA; Gemma Hussey, FG; Nell McCafferty, iriseoir; Edna O'Brien, údar; Tony O'Reilly, fiontraí; Mary O'Rourke, FF; agus Kathleen Watkins, cláirseoir
- Thar lear: Jimmy Carter, Uachtarán SAM 1977–1981; Alexei Navalny, gníomhaí Rúiseach; agus Liam Payne, amhránaí Sasanach
- Áit ar leith: an Ginearál Sir Michael David Jackson, GCB, CBE, DSO, DL, agus an Ginearál Sir Frank Kitson, GBE, KCB, MC & Bar, DL
Liosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 29 Nollaig — Jimmy Carter, Uachtarán na Stát Aontaithe 1977–1981 (r. 1924)
- 20 Nollaig — Gearóid Ó Cairealláin, iriseoir agus gníomhaí teanga Éireannach
- 26 Samhain — Gemma Hussey, polaiteoir Éireannach
- 24 Samhain — Breyten Breytenbach, scríbhneoir agus péintéir as an Afraic Theas
- 19 Samhain — Ken Reid, iriseoir Briotanach
- 15 Samhain — Jon Kenny, fuirseoir Éireannach
- 8 Samhain — Billy Lawless, polaiteoir Éireannach
- 7 Samhain — Kathleen Watkins, cláirseoir agus craoltóir Éireannach
- 23 Deireadh Fómhair — Leon Neil Cooper, fisiceoir Meiriceánach
- 22 Deireadh Fómhair — Gustavo Gutiérrez, diagaire Peiriúch
- 17 Deireadh Fómhair — Andrew Victor Schally, bithcheimiceoir Meiriceánach a rugadh sa Pholainn
- 16 Deireadh Fómhair — Liam Payne, amhránaí Sasanach
- 15 Deireadh Fómhair — Mike Jackson, ginearál Sasanach
- 12 Deireadh Fómhair — Ailig Salmond, polaiteoir Albanach
- 3 Deireadh Fómhair — Máire Uí Ruairc, polaiteoir Éireannach
- 30 Meán Fómhair — Ken Page, aisteoir Meiriceánach
- 28 Meán Fómhair — Kris Kristofferson, amhránaí agus aisteoir Meiriceánach
- 27 Meán Fómhair — Maggie Smith, ban-aisteoir Sasanach
- 9 Meán Fómhair — James Earl Jones, aisteoir Meiriceánach
- 31 Lúnasa — Jack Hibberd, drámadóir Astrálach
- 21 Lúnasa — Nell McCafferty, scríbhneoir Éireannach
- 18 Lúnasa — Alain Delon, aisteoir Francach
- 18 Lúnasa — Phil Donahue, craoltóir agus léiritheoir Gael-Mheiriceánach
- 14 Lúnasa — Gena Rowlands, ban-aisteoir Meiriceánach
- 27 Iúil — Edna O'Brien, file, úrscéalaí, scríbhneoir, is beathaisnéisí Éireannach
- 23 Iúil — Robin Warren, paiteolaí Astrálach
- 19 Iúil — Ray Reardon, imreoir snúcair Breatnach
- 13 Iúil — Richard Simmons, múinteoir corpacmhainne agus aisteoir Meiriceánach
- 9 Iúil — James Inhofe, polaiteoir Meiriceánach
- 7 Iúil — Hugh Geoghegan, breitheamh Éireannach
- 5 Iúil — Bengt Ingemar Samuelsson, bithcheimiceoir Sualannach
- 25 Meitheamh — Mícheál Ó Muircheartaigh, tráchtaire CLG
- 22 Meitheamh — Bernard Ó hAilín, polaiteoir Éireannach de chuid Fine Gael
- 21 Meitheamh — Pádraig Ó Baoighill, scríbhneoir Éireannach
- 20 Meitheamh — Donald Sutherland, aisteoir Ceanadach
- 18 Meitheamh — Anouk Aimée, ban-aisteoir Francach
- 8 Meitheamh — Charlie Lennon, ceoltóir Éireannach
- 5 Meitheamh — Akira Endo, bithcheimiceoir agus micribhitheolaí Seapánach
- 26 Bealtaine — Fionnbarra Ó Cuilleanáin, sagart agus scríbhneoir Éireannach
- 20 Bealtaine — Fran Rooney, fear gnó Éireannach (r. 1956)
- 19 Bealtaine — Ebrahim Raisi, 8ú hUachtarán ar an Iaráin (r. 1960)
- 18 Bealtaine — Tony O'Reilly, fear gnó agus imreoir rugbaí Éireannach
- 13 Bealtaine — Alice Munro, scríbhneoir Ceanadach
- 10 Bealtaine — Mary Banotti, polaiteoir Éireannach
- 24 Aibreán — Nancy Dorian, teangeolaí Meiriceánach
- 10 Aibreán — O. J. Simpson, aisteoir agus peileadóir Meiriceánach (r. 1947)
- 7 Aibreán — Joe Kinnear, peileadóir sacair Éireannach (r. 1946)
- 6 Aibreán — Joseph E. Brennan, polaiteoir Meiriceánach
- 2 Aibreán — John Barth, scríbhneoir Meiriceánach
- 30 Márta — Dick Dowling, polaiteoir Éireannach
- 30 Márta — Guylaine Guy, amhránaí agus ban-aisteoir Ceanadach
- 18 Márta — Rose Dugdale, poblachtánach Éireannach
- 17 Márta — Emmet Stagg, polaiteoir Éireannach (r. 1944)
- 11 Márta — Charlie Bird, iriseoir agus craoltóir Éireannach (r. 1949)
- 29 Feabhra — Brian Mulroney, Príomh-Aire ar Cheanada (r. 1939)
- 21 Feabhra — Roger Charles Louis Guillemin, dochtúir Francach
- 16 Feabhra — Alexei Navalny, dlíodóir agus gníomhaí polaitíochta Rúiseach
- 6 Feabhra — John Bruton, Taoiseach na hÉireann (r. 1947)
- 5 Feabhra — Dries van Agt, Príomh-Aire na hÍsiltíre (r. 1931)
- 22 Eanáir — Arno Allan Penzias, fisiceoir Meiriceánach
- 22 Eanáir — Luigi Riva, imreoir sacair Iodálach
- 21 Eanáir — Thomas Hussey, polaiteoir Éireannach (r. 1936)
- 7 Eanáir — Franz Beckenbauer, imreoir sacair Gearmánach (r. 1945)
- 5 Eanáir — Catrìona NicGumaraid, file Gaelach (r. 1947)
- 4 Eanáir — Glynis Johns, aisteoir Briotanach (r. 1923)
- 2 Eanáir — Frank Kitson, ginearál in Arm na Breataine (r. 1926)
Duaiseanna Nobel
[cuir in eagar | athraigh foinse]Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Reachtaíocht Rialtas na Breataine faoi eachtraí na dTrioblóidí ‘mídhleathach’" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-02-28). Dáta rochtana: 2024-02-28.
- ↑ reuters.com (2024-02-28). "UK's Northern Ireland amnesty law in breach of human rights, court rules". Dáta rochtana: 2024.
- ↑ "NI Troubles: Legacy Act immunity clause 'breaches' human rights" (en-GB) (2024-02-28). Dáta rochtana: 2024-02-29.